Skip to content
zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Tús Áite
News
Irish
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
Website
Episodes
Episodes
100
08 September 2026
Tús Áite: Fiosrúchán Chomisiún na Meán.
D’fhógair Coimisiún na Meán fiosrúchan ar an meán shóisialta X um thráthnóna maidir le himní go bhfuil ag teip air dearbhú aoise agus smacht tuismitheora a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Seo é an chéad fhiosrúchán de chuid Choimisiún na Meán faoin gCód Sábháilteachta Ar Líne. Phléamar an scéal le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir, Cearta Digiteacha Éireann. See omnystudio.com/listener for privacy...
9 min
08 September 2026
Tús Áite: Oscailt Gaelcholáiste Synge
Oscailíodh doirse Ghaelcholáiste Synge i gcathair Bhaile Átha Cliath den chéad uair an tseachtain seo chaite, agus tús curtha le ré úr i stair an Ghaeloideachais in iarthar na cathrach. Chuaigh ár dtuairisceoir Jack Basquille ann chun an scéal fhiosrú, agus labhair sé le Medb Ní Fheaghail, Príomhoide Tánaisteach na scoile.See omnystudio.com/listener for privacy information.
8 min
08 September 2026
Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
Na scéalta móra idirnáisiúnta á phlé ar an gclár le Peadar De Blúit, Tráchtaire, agus Aonghus Lambkin, Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiúin Aontaithe.See omnystudio.com/listener for privacy information.
17 min
08 September 2026
Tús Áite: Polaitíocht an Lae
Scéalta polaitíochta an lae á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta. See omnystudio.com/listener for privacy information.
7 min
07 September 2026
An Painéal Idirnáisiúnta: “Think-in" Fianna Fáil.
Is ag teacht le chéile Fhianna Fáil sa Tulach Mór i gCo Uibh Fhaillí atá an tAire Dlí agus Cirt agus an Taoiseach ag caint faoi na moltaí nua agus faoin laghdú ar iarrthóirí tearmainn. See omnystudio.com/listener for privacy information.
7 min
07 September 2026
An Painéal Iidirnáisiúnta: Rialacha Saorántachta.
Bheadh ar dhaoine atá ag déanamh iarratas ar shaoránacht Éireannach Gaeilge nó Béarla a bheith acu faoi rialacha níos déine atá á moladh ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan. Dúirt an Taoiseach Míchéal Martin go mbeadh na rialacha nua ag teacht leis an gnáth cur chuige i dtíortha Eorpacha eile. See omnystudio.com/listener for privacy information.
18 min
07 September 2026
An Painéal Iidirnáisiúnta: Bua faighte ag an AFD sa Ghearmáin.
Tá an páirtí i bhfad ar dheis, Alternative für Deutschland (AfD), an-ghar do bheith ábalta rialtas a bhunú i stát Saxony-Anhalt in oirthear na Gearmáine tar éis dóibh teacht sa chéad áit ansin le 43.8% den vóta. Tá siad anois ag lorg tacaíochta ó pháirtithe eile le cathrú leo comhrialtas a chur le chéile. Diúltaíonn formhór páirtithe polaitiúla sa Ghearmáin comhoibriú leis an AFD. See...
18 min
04 September 2026
Tús Áite: Polaitíocht an Lae
Scéalta móra polaitíochta an lae á phlé le John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent. See omnystudio.com/listener for privacy information.
5 min
04 September 2026
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine.
Phléamar cúrsaí na seachtaine seo le Diarmuid Ó Sé, Iar-Léachtóir An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus Críostóir Ó Faolain, Stiúrthóir Choláiste na Rinne. See omnystudio.com/listener for privacy information.
22 min
04 September 2026
Tús Áite: Katie Taylor i bPáirc an Chrócaigh.
Cuirfidh an laoch spóirt Éireannach deireadh lena laethanta sa chró dornálaíochta le troid amháin eile i gcoinne an dornálaí Francach Flora Pili oíche amárach i bPáirc an Chrócaigh. Phléamar an imeacht stairiúil seo le Julia Ní Dhubháin, Cóitseálaí dornálaíochta Club Dornálaíochta Chonamara. See omnystudio.com/listener for privacy information.
6 min