Skip to content
zeno
Create a Station
Explore
Religious
Music
News
Podcasts
Bible
By Genre
By Location
By Language
Download App
Opens in a new window
Toggle Sidebar
zeno
RTÉ Raidió na Gaeltachta
Barrscéalta
News
Irish
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Website
Episodes
Episodes
100
09 September 2026
Bernadette Morris, léiritheoir na sraithe.
Beidh sraith úr ag toiseacht anocht ar TG4, ‘Bia Úr’ agus linn ar maidin le labhairt faoin tsraith úr seo bhí léiritheoir na sraithe, Bernadette Morris. See omnystudio.com/listener for privacy information.
4 min
09 September 2026
Hiúdaí Ó Gallachóir ón chomhlacht Corveen Glen Meats
Tá Lidl ag cur tús le Clár Forbartha Soláthróirí le tacú le gnóanna beaga a dtáirgí a chur chun cinn agus ó amárach ar aghaidh, beidh cuid tairgí an chomhlachta Corveen Glen Meats ar fáil in ollmhargaidh Lidl. See omnystudio.com/listener for privacy information.
10 min
09 September 2026
Pádraig Ó Duibhir ón choiste eagraithe
Beidh cruinniú poiblí ar siúl sa Chrannóg anseo i nGaoth Dobhair amárach le plé a dhéanamh ar an drochbhail atá ar bhealach Mhachaire Gathlán. Bhí Pádraig Ó Duibhir, duine de lucht eagraithe an chruinnithe agus duine atá ina chónaí ar an bhealach, linn ar maidin le plé a dhéanamh ar an scéal seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
6 min
09 September 2026
Máire Ní Chochláin Cathaoirleach CLG Dhún na nGall agus Clíodhna Ní Mhianáin, imreoir camógaíochta le Doire agus ball de CLG Shleacht Néill
D'fhógair an Dochtúir Máire Mhic Giolla Íosa inné go raibh sí ag éirigh as a ról mar chathaoirleach ar an Choiste Chomhtháthaithe a roghnaíodh leis an CLG, Cumann Peile na mBan agus an Cumann Camógaíochta a thabhairt le chéile mar aon eagraíocht amháin. Labhair Máire Ní Chochláin agus Clíodhna Ní Mhianáin linn faoin scéala seo ar maidin.See omnystudio.com/listener for privacy information.
23 min
08 September 2026
Pacáiste ó teacht le chéile Coláiste na Croise Naofa
Bhí teacht le chéile ag iardhaltaí de chuid Choláiste na Croise Naofa ar an Fhál Carrach le gairid in Óstán Loch Altan i nGort a’Choirce le ceiliúradh a dhéanamh ar thrí scór bliain ó thosaigh siad ar an scoil. See omnystudio.com/listener for privacy information.
26 min
08 September 2026
Proinsias Mac a’ Bhaird as Oileán Árainn Mhór
Tá Banna Píob Árainn Mhór ag ullmhú le turas a dhéanamh chuig Beaver Island i Michigan an tseachtain seo, turas a rinne teaghlaigh ón oileáin thar 170 bliain ó shin le linn an Gorta Mór, agus labhair ball den bhanna, Proinsias Mac a’ Bhaird linn ar maidin faoin turas seo.See omnystudio.com/listener for privacy information.
9 min
08 September 2026
An Garda Breandán Mac Artáin ó Stáisiún Gardaí Leitir Ceanainn
Mír rialta le ball den Gharda Síochána sa chontae, plé inniu ar thiomáint chontúirteach, ar dhamáiste coiriúil a rinneadh i mBealach Féich agus ionsaithe a tharla i mBun na hAbhann i measc ábhair eile. See omnystudio.com/listener for privacy information.
7 min
07 September 2026
Joseph Mangan as Gort a’ Choirce
Bhí Joseph Mangan i láthair i bPáirc an Chrócaigh oíche Shatharn nuair a chur an dornálaí Katie Taylor deireadh lena gairm proifisiúnta mar dhornálaí in eadán Flora Pili. See omnystudio.com/listener for privacy information.
5 min
07 September 2026
Na Tráchtairí Seosamh Mac Ceallbhuí Iseult Ní Mhathúna
Ag caitheamh súil siar ar na cluichí Gaelacha a bhí ar siúl ag an deireadh seachtaine.See omnystudio.com/listener for privacy information.
10 min
07 September 2026
Kieran Ó Rabhartaigh, fear gnó as Dún Lúiche
D’éirigh go maith i mbliana arís leis an lá mór ceoil a d’eagraigh Clann Uí Rabhartaigh i nDún Lúiche ar an lá saoire bainc i mí Lúnasa. Thóg siad níos mó ná €42,800 do na carthánachtaí seo a leanas: an Kevin Bell Trust, Oispís Dhún na nGall agus Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall.See omnystudio.com/listener for privacy information.
4 min